Wednesday, March 15, 2006

vodcast 4 - transcription

Iarnród Inse Fada.
Tá an traein ag imeacht.
Traein fhada is ea é [í].
Traein leictreach is ea é [í].
Ceann difriúil an ceann seo.
Ceann Diesel atá ann.
Uaireanta bíonn an Diesel ar chúl na traenach, go háirithe ar na cinn nua dhá urlár.
Go minic, bíonn sé ar dhuine traenacha a mhalartú ag an stáisiún lárnach i Jamaica, Queens.
...
Foirgneamh ard.
An stáisiún traenach i mBrooklyn.
Síos an staighre liom go dtí an traic anois.
Feicfidh mé anois an bhfuil Gaeilge ag aon duine eile ar an traein seo.
...díomá = dissapointment
Ní raibh an uair seo, ach mise amháin (le Gaeilge ar an traen).
B'fhéidir ar an chéad traen eile. Cá bhfios? Feicfimid.
An bhfuil Gaeilge ag aon duine anseo ar chor ar bith?
Gearóid: Dia duit! Cén chaoi a bhfuil tú?
Séamas: Tá mé go han-mhaith.
G: Cá raibh tusa?
S: Ó, bhí mé ar an traen roimhe seo.
G: Ó, agus bhí mé deireannach - gabh mo leithscéal.
S: Ah, agus bhí súil agam bualadh le duine ag a bhfuil Gaeilge ar an dtraein, agus bhí díomá an domhain orm.
G: Rinne mé mo dhícheall...ach bhí mé ag cóipeáil (copying) do mo rang, agus, a bhfuil - tá a fhios agat go bhfuil An Caighdeán as - as cló!
S: Tá.
G: Mar sin bhí orm cóipeanna a dhéanamh de. S: Nach ait an rud sin!
S: Bhuel, pé scéal, is maith an rud duine le Gaeilge a fheiscint ar an dtraein, ar an Iarnró- ar Iarnród Inse Fada, agus fáilte romhat go Babylon!
G: Go raibh maith agat, a Shéamais.

0 Comments:

Post a Comment

<< Home