Friday, April 17, 2009

Treoracha do Scríbhneoirí An Gael

Seo na cuspóirí atá agam mar eagarthóir, agus moltaí d’aon duine ar mhaith leis/léi scríobh dúinn – Séamas Ó Neachtain

Iris atá oiriúnach do gach léitheoir is ea í seo, fiú daoine óga. Mar sin, má bhíonn aon rud gáirsiúil ann, ní mór nach dtuigfeadh páiste é. B’fhearr a leithéid a sheachaint mar bhunphrionsabal.

Iris a bheidh measúil do gach éinne is ea í seo. Mar sin, más ábhar conspóideach atá idir lámha agat, ní mór duit a bheith cothrom agus gan mhaslaí, agus más féidir, an dá thaobh a mhíniú ar shlí nach gcuirfeadh isteach ar éinne. B’fhearr an chonspóid a sheachaint, má chuireann sé isteach ar dhaoine, ach níl aon chosc ar a leithéid, má dhéantar go béasach measúil é. Ní fhoilseofar aon rud díspeagach.

Ní iris acadúil í seo. Tá suim againn in ábhar ar bith, ach is lucht léite ginearálta atá i gceist, agus mar sin, ní mór go bhfuil stíl tarraingteach spraíúil ann.

Ní mór gur fíricí iad na fíricí a luaitear, dar ndóigh. Agus aon rud a mhaítear, ní mór gur mínítear é chun bunús a chur leis (gan a bheith leadránach).

Is leis na húdair féin a gcuid tuairimí, agus ní chuirfidh mé mo ladar isteach orthu sin. B’fhearr liom scéalta ná tuairimí, ámh.

Is fearr a bheith dearfach ná diúltach i gcónaí, más féidir. Scríobh mar a scríobhfá do chara.

Labels:

1 Comments:

Blogger Séamas Poncán said...

Dála an scéil, glacfar le grianghraif is ealaín freisin - beidh an iris lán-daite!

1:11 PM  

Post a Comment

<< Home