Monday, January 25, 2021

Dán ar 1798 in Eagrán an Gheimhridh, 2020 (#47)

The very difficult, very old poem on pp 31-32 in this issue has a lot of notes from our friend Colin Ryan.  He also copied it out in Roman type, with modern spelling, as part of his study of it.  This may be helpful to those who have trouble reading the Gaelic font / old spellings:

[Déantús Dhuine áirithe ar an gCoga Déanach i mBliain 1798.  Athscríofa agus mínithe ag Tomás D. De Norradh.]

First, here it is with the original spelling:

1
Tá matha na Breatainne a n-anabhruid péine
Gan taise le tréimhse d’á ngreadadh thar fóir,
A beartughadh le hainbhios ‘s mearbhal céille
Trí mhachnamh drochmhéine do thangmhuigh do’n chóip;
A n-airm do tharraing gan adbhar gan éirim,
Air ghasradh bochd céasda budh fhada faoi gheoch,
Is gan aca d’á ghairm achd laisgne faosaibh,
Na m-bailte puirt féin d’á m’áil léigionn dóibh.
2
Amudh dubh cealg-uilc eagluise is Réicse,
Na m-beatha gan daonacht faoi n-deara gach tóir,
Le h-aindlighthe damanta, malluighthe, daora,
Ár g-caradas cléibhchirt, a fealladh gan chóir;
Gur dhearbhuigh sgata de’n aicme so céasadh,
Le teagasg ó’n naoimh spioraid do thag uair an sgeol,
Na reachta so leaga nó a n-anam do thréigionn,
Sas gearraid géilliodh go m’b-feárr léigionn dóibh.
3
Air an aicme bhí a n-gradam na reachta so dhéanamh,
Tá fearg an aoin-mhic ag feathruinn gach ló,
D’á n-gearradh le h-armaibh ceartuighthe geura
D’fhág marbh lag céadta d’á mathaibh, air feogh;
Gan seachaint air cheachtar ná’r admhuigh géille
D’á n-glana as réim chirt gan fearran, gan fód,
Faoi scamall go dealbh gach pearsa aca d’éalaidh,
Is gan d’eagal na m-beul acht gur bh’fheárr léigion dóibh.
4
Tá eagluis bheannuighthe Pheadair air aon ghuth,
Aig agairt le chéile na n-altaibh a g-cómhair,
Na flatha so sealadh, do chleachtadh an tréadhnas,
Le aifrinn d’éisteacht go sailmeach, sódhail;
Faltannas athar na bh-flaitheas do théarnamh,
Na g-cárna gan faoiseamh, dá d-treasgairt gan treoir,
Is gan maitheas ‘nna g-cainaid, gurb aithnidh do’n t-saoghal so,
Go m’b-fearradh do ‘n g-cléire mar chách léigionn dóibh.
5
Tá ‘n t-athair mhach measgaim, cídh fada ag éisteacht,
Na tarramain sgéithe le sealadh ‘nna g-cómhair,
Tré a dtagaid go rachtmhar ó dhaingionn gach baoghal,
A chasadh faoi shéan as gach caitiorguil fuós;
Do budh aithnidh na m-beatha faoi ghanguid na bh-faolchon,
Thug aire le daonachd d’á g-carnadh dobróin,
Gur cheaduigh ‘nna mhaithios an t-amadh so réighteach,
Tré ‘r bhaineadar géille go m’ b-feárr léigionn dóibh.
6
Níl tairbhe a n-easgaine sagairt de ‘n réir sin,
Tá ‘n fhairge a éinfheacht ‘san machaire leo,
Is beidh stártha le ‘n-aithris a leabharaibh léigheanta
Tré cathamh na saoghal air ghaisge na [...]
A bh-freasdalaibh catha a n-aghaidh sgata de réicstibh,
Gan carad le h-éileamh go tráigh na h-Ollóint,
Acfuinn ná ‘r measadh d’ aon aicme air bith daona,
Cé chathadar géille go m’ b-feárr léigionn dóibh.
7
Dhort cumais, ceannasach, caithbhille an chéad fhuil,
A Sacsanach saorthadh leis machaire air d-tóis,
Lé ‘r beartadh na flatha so sgaipeadh le sméide,
Na rathaibh air séire gan tagairt air ghleo;
Ba sheachmaill a seasamh air ghreada na treun teine,
Is casa dob’ éigionn do air easba na sluagh,
A bhaile chum athar le h-eachtra léanmhar,
Gur mairg nách d’ éimhigh a d-tráth léigionn dóibh.
8
Tá ar thangmhaidh gan leaga aca a d-treasaibh na m-béimion,
Faoi cheangalaibh daora gan fairsinge sgóip,
A g-carcair gach cathrach greamuighthe a n-géibhin,
Gan amharc na spéire aca, air easba gach sóirt;
Na ceanna do chleachtadh bheith fleádhathach féastach,
A ramhar chuirp céasda gan sealbh gan ród,
A seargadh a n-anachruit galair a’s créime,
Cé ar dheacair leo géille go m’ b-feárr léigionn dóibh.
9
Cúis atuirse, ‘s léana duibh, peanuide ‘s créachta,
Do ghallaibh go n-éagaid mar bhárr air a n-gnódh,
Air theagasc Phitt chealgaigh tharruing ‘san g-céim sin,
A measgadh idir Suedes, Ruissions, Danoir a’s Póls;
Le h-anfadh, a g-creathaibh, go h-eaglach faoinmhisnigh
Arm gach réics aca a casa air a thóin,
Is fir Sacsan a freagairt an catha le h-éigionn,
Cídh bh-fearradh leo géille d’á m’áil léigionn dóibh.
10
Treasna na mara má thigid d’ár bh-féachaint,
Na m-barcaibh go gleusta, mear, meanmna air bórd,
Air ghrathain spruit cealguigh Chailbhin an éiric,
Beidh carta, rith, béimbhrise, greada ‘gus tóir;
Tá Albadh is dearbhtha breathta le tréimhse,
Preabfaidh an gléir sin faoi ghairm na d-treon,
San t-arm so neartuigh a bh-fearanaibh Éirionn,
Ní’l maitheas a shéanadh go m’ b-feárr léigionn dóibh.
11
Gach draga duirc, danartha, damanta, daol-dhubh,
Cas, cealgach, craos-chuthaigh, caismeortach crón,
Na seachnach athanta an Athar do raobadh,
A’s do dhearbhuigh claon a n-aghaidh maitheas na h-Óigh;
Caithfid a m-beatha ‘sa reachtmus do thréigionn,
A’s gan aon chumairc caomhnuighthe air thalamh na g-cómhair,
Sin faladh do tharruing a n-ainbhfhios féin orra,
Do gheasgaibh gan géille go m’ b-feárr léigionn dóibh.
12
Stadfad, a’s geallaim nách bagartha baotha,
Le machtnamh na bréithre so beartuighthe am theoigh,
S go dearbh beidh agaibhse air taisdeall na laochradh,
A creacha ‘sa tréan bhrise callaith a’s Póirt;
Beidh feannadh ‘gus fealladh air na feanatics chlaona,
Sa m-bailte, cídh éarach na lasrachaibh smóil
Air amharc do bhreacfainnse meamraim dréachta,
Sa g-ceangal gach bhéarsa go m’ b-feárr léigionn dóibh.

And here it is with modernized spelling (and notes):


1
Tá maithe na Breataine in ana-bhroid péine
Gan taise le tréimhse á ngreadadh thar fóir,
Ag beartú le hainbhios is mearbhall céille
Trí mhachnamh drochmhéine do theagmháil don chóip;1
A n-airm do tharraingt gan ábhar gan éirim,
Ar ghasra bocht céasta ba fhada faoi gheoc,2
Is gan acu dá ghairm ach [laisgne (?)(leascaine?)] faoisimh,
Ina mbailte poirt féin3 dá mb’áil ligean dóibh.
2
Ama4 dubh cealg-oilc eaglaise is Réicse,5
Ina mbeatha gan daonnacht faoi ndeara gach tóir,
Le haindlíthe damanta, mallaithe, daora,
Ár gcaradas6 cléibhchirt, ag fealladh gan chóir;
Gur dhearbhaigh scata den aicme seo céasadh,
Le teagasc ón Naomh-Spioraid do thug uair an sceol,7
Na reachta seo a leagan nó a n-anam do thréigean,
S is gairid gur géilleadh go mb’fhearr ligean dóibh.
3
Ar an aicme bhí i ngradam na reachta seo a dhéanamh,
Tá fearg an Aon-Mhic ag fearthainn8 gach ló,
Á ngearradh le harmaibh ceartaithe géara
D’fhág marbh lag céadta dá maithibh, ar feo;
Gan seachaint ar cheachtar9 nár admhaigh géilleadh
Á nglanadh as réim chirt gan fearann, gan fód,
Faoi scamall go dealbh gach pearsa acu d’éalaigh,
Is gan d’eagal na mbéal ach gurbh fhearr ligean dóibh.

4
Tá eaglais bheannaithe Pheadair ar aon ghuth,
Ag agairt le chéile ina n-altaibh10 i gcomhar,11
Na flatha seo seala,12 do chleachtadh an tréanas,
Le haifrinn d’éisteacht go salmach, sóúil;
Faltanas Athar na bhflaitheas do théarnamh,
Ina gcarnadh gan faoiseamh, á dtreasgairt gan treoir,
Is gan mhaitheas ina gcanaid,13 gurb aithne don tsaol seo,14
Go mb’fhearra15 don gcléire mar chách ligean dóibh.
5
Tá an t-Athair-Mhac16 measaim, cé fada dó ag éisteacht,
Ina thearmann scéithe le seala ina gcomhair,
Trína dtagaid go reachtmhar ó dhaingean gach baoghail,17
Ag casadh faoi shéan as gach [caitiorguil (?)] fós;
Do ba aithne ina mbeatha faoi ghangaid na bhfaolchon,
Thug aire le daonnacht dá gcarnadh dobróin,18
Gur cheadaigh ina mhaitheas an t-ama seo a réiteach,
Trír bhaineadar géilleadh go mb’fhearr ligean dóibh.
6
Níl tairbhe in eascaine sagairt den réir sin,
Tá an fharraige in éineacht ‘s an machaire leo,
Is beidh startha19 len’ aithris i leabharaibh léannta
Trí chaitheamh na saol ar ghaisce [...]
I bhfreastalaibh catha in aghaidh scata de réicstibh,
Gan cara le héileamh go trá na hOllóint,20
Acmhainn nár measadh d’aon aicme ar bith daonna,
Cé [gur] chaitheadar géilleadh go mb’fhearr ligean dóibh.
7
[Dhort cumais (?)], ceannasach, cathbhile21 an chéad fhuil,
[A Sacsanach saorthadh leis (?)] machaire ar dtóis,22
Ler beartadh na flatha seo scaipeadh le sméideadh,
Ina ráthaibh ar séire gan tagairt ar ghleo;
Ba sheachmaill a seasamh ar ghreadadh na tréantine,
Is casadh dob éigean dó ar easpa na slua,
Abhaile chun athar le heachtra léanmhar,
Gur mairg nár éimhigh i dtráth ligean dóibh.
8
Tá ar tháinig gan leagan acu i dtreasaibh na mbéimean,23
Faoi cheangalaibh daora gan fairsinge scóip,
I gcarcair gach cathrach greamaithe i ngéibheann,
Gan amharc na spéire acu, ar easpa gach sóirt;
Na ceanna do chleachtadh bheith fleádhathach24 féastach,
A ramharchoirp25 céasta gan sealbh gan ród,26
Ag seargadh in anachruit galair is créime,27
Cé gur dheacair leo géilleadh go mb’fhearr ligean dóibh.
9
Cúis atuirse ‘s léana dhuibh, peanaide ‘s créachta,
Do ghallaibh go n-éagaid mar bharr ar a ngnó,
Ar theagasc Phitt28 chealgaigh a tharraing sa gcéim sin,
Ag meascadh idir Suedes, Ruissians, Danair is Póls;
Le hanfa, i gcreathaibh, go heaglach faonmhisnigh
Arm gach réics acu ag casadh ar a thóin,
Is fir Shacsan ag freagairt an chatha le héigean,
Cérbh fhearra leo géilleadh dá mb’áil ligean dóibh.
10
Trasna na mara má thigid dár bhféachaint,
Ina mbarcaibh go gléasta, mear, meanma ar bord,
Ar ghrathain sproit chealgaigh29 Chailbhin in éiric,
Beidh cartadh, rith, béimbhriseadh, greadadh ‘gus tóir;
Tá Alba is dearfa [breathta (?)] le tréimhse,
Preabfaidh an [gléir (?)] sin faoi ghairm na dtreon,
S an t-arm seo neartuigh i bhfearannaibh Éireann,
Níl maitheas a shéanadh go mb’fhearr ligean dóibh.
11
Gach dragan duairc, danartha, damanta, daoldubh,
Cas, cealgach, craoschuthaigh, caismirteach crón,
Nár sheachain aitheanta an Athar do réabadh,
Is do dhearbhaigh claon in aghaidh mhaitheas na hÓighe;30
Caithfid a mbeatha ‘s a rachmas do thréigean,
Is gan aon chomhairc chaomhnaithe ar thalamh ina gcomhair,
Sin fala do tharraing a n-ainbhios féin orthu,
Do ghaiscibh gan géilleadh go mb’fhearr ligean dóibh.
12
Stadfad, is geallaim nach bagartha baotha,
Le machnamh na bréithre seo beartaithe im’ [theoigh (?)],
S go dearbh beidh agaibhse ar thaisteal na laochra,31
Ag creachadh ‘s ag tréanbhriseadh calaidh is poirt;
Beidh feannadh ‘gus fealladh ar na feanatics chlaona,
S a mbailte, cé éarach32 ina lasrachaibh smóil33
Ar amharc do bhreacfainnse meamraim dhréachta,
S i gceangal gach véarsa go mb’fhearr ligean dóibh.

1 Cóip: common people, rabble.
2 Geoc: yoke.
3 Ina mbailte poirt féin: sa bhaile acu féin.
4 Ama: yoke, oppression.
5 Réicse (ó réics = rex): the Lord.
6 Caradas: cairdeas.
7 Do thug uair an sceol: a thug an dea-scéal leis tráth.
8 Ag fearthainn: raining down.
9 Ní léir cé hiad an ‘ceachtar’.
10 Ina n-altaibh: ailt chreidimh, is dócha.
11 I gcomhar: le chéile.
12 Seala = seal.
13 Gan mhaitheas ina gcanaid: gan mhaith sa mhéid a deir siad.
14 Gurb aithne don tsaol seo: mar is eol don domhan go léir.
15 Go mb’fhearra: go mb’fhearr.
16 An t-Athair-Mhac: God the Father and Son.
17 Baoghal: baol.
18 Carnadh dobróin: accumulation of grief.
19 Startha: scéalta.
20 Gan cara le héileamh go trá na hOllóint: gan cara le fáil go trá na hOllainne.
21 Cathbhile: battle champion.
22 Ar dtóis: ar dtús.
23 I dtreasaibh na mbéimean: in the conflict of blows.
24 Fleádhathach: fleách.
25 Ramharchoirp: sturdy bodies.
26 Ród: rood of land (a quarter of an acre).
27 In anachruit galair is créime: made wretched, ill and gaunt.
28 B’fhéidir gurb é William Pitt Óg atá i gceist anseo, Príomh-Aire na Breataine in 1801 agus idir 1804 agus 1806.
29 Grathain sproit chealgaigh: treacherous rabble.
30 Ógh: the Virgin Mary.
31 You will have the heroes on their journey.
32 Cé éarach: although in denial (?).
33 Ina lasrachaibh smóil: consuming flames.


No comments:

Post a Comment