Thursday, June 10, 2021

Dónal N. Morrissey (ar dheis Dé go raibh sé)

 In eagarfhocal eagrán an tsamhraidh 2021 de An Gael, luaim Dónal.  Seo an sleocht sin as an eagarfhocal:

In the editorial of the 2021 summer issue of An Gael, I mention Don.  Here's that passage from the editorial:

[referring to a story in the current issue]   Is as an iris The Wolfe Tone Annual é, agus foilsíodh an ceann seo i 1947.  Is minic a bhíonn ábhar againn as an sean-iris bhreá sin, a d'fhoilsigh Brian O'Higgins le blianta. Éacht a rinne sé, gan amhras.  Ní bheadh aon chur amach agam féin air, ámh, ach amháin gur bhronn mo chara Dónal Morrissey cairn díobh orm roinnt blianta ó shin.  Fuair sé iad óna athair féin, dúirt sé.  Fuair Dónal bás mí na Márta, faraor.  Go raibh sé ina thír tairngire.  Ceapaim go bhfuil cuma Tír na nÓg ar a chúinne féin de Neamh.  Fíor-Ghael a bhí ann.  Ar dheis Dé go raibh sé.  Beidh cuimhne againn air go deo.

It is from the periodical The Wolfe Tone Annual, and this one was published in 1947.  We often have material from that fine old publication, which Brian O'Higgins published for years.  A heroic feat, for sure.  I wouldn't know anything about it, however, except that my friend Donal Morrissey (Sr.) gifted me with a pile of them several years ago.  He got them from his own father, he said.  Don died in March, alas.  May he be in his promised land [the theme of the issue].  I think his corner of Heaven will look like Tír na nÓg [they mythical land of eternal youth].  He was a true Gael.  May he be at God's right hand (with the good guys).  We will always remember him.

This passage can be heard on this recording, starting at c.6:46.

Of course, the magazine is available here (and can be read for free on-line or as a downloaded pdf file).

I hope I remembered correctly about geting the magazines from his dad.  Anyway, they've been a great resource for me, and I've just scratched the surface of what's in them.

(Hope nobody minds I borrowed this picture.  Was hard to find one of him by himself - that's the kind of guy he was!)


Friday, June 04, 2021

Brian Mac a Bhaird

Fuair mé cead ó Bhrian roinnt dá chuid scéalta a chur ar soundcloud, óna dhlúthdhiosca(í) Aislingí Fánacha.  Seo daoibh an playlist.  Tá dhá cheann ann go fóill, ach beidh níos mó ann ar ball, le cúnamh Dé.  Tá Brian an-soiléir agus é ag léamh, agus canúint Ulaidh aige.

Aislingí Fánacha le Brian Mac a' Bhaird by JamusN | Jamus N | Free Listening on SoundCloud

I got permission from Brian to share some of his stories on soundcloud, from his CD(s)...  Here is the playlist.   There are 2 there so far, but will be more, God willing, eventually.  Brian is very clear when he is reading, and he speaks in the Ulster dialect.


Wednesday, March 31, 2021

Táid ag Teacht, le Dáibhí Ó hIarlaithe (They are Coming, by David O'Herlihy)

In eagrán an gheimhridh, 2020, tá sean-amhrán ar l. 33, as An Gaodhal.

Here's my attempt at a literal translation, with some modernization of the spelling.  For a very free translation and another copy of the song, see pages 46-51 here.

Táid ag Teacht
They are Coming


            1
Anois agus mé i m'aonar
Now as I am alone
Cois taoibh Fhleasga an ghaortha,
Beside Flasca of the wooded glen watered by a stream (gaorthadh, it seems)
Fá dhíon duile géag-ghlas i mo luí:
Laying down under a roof of green branched leaves:
Le mo thaobh gur shuí spéirbhean,
'twas at my side sat a sky woman (beautiful apparition of a woman)
Ba thrí binne saor-ghuth,
Was three times as sweet a free voice (?)
Ná caoin-chruit, guth éanlaithe agus píb:
Than gentle harp, birds' singing and pipes:
Dá coimhdeacht bhí caoch-ghiolladh,
Accompanying her was a blind servant,
Do chéas mé agus do mhill!
Who tormented and injured me!
Le saigheadaibh dá léir-chur,
With his accurately sent arrow,
Tré mo thaobh deas go cruinn.
Through my right side with precision.
Do fhaigh(ann)(?) mé gan faoisamh
Which strikes me without relief
Le díograis don réaltan,
With dedication to the star,
Dob aoibhinne scéimh agus gnaoi!
who had the most beautiful appearance and beauty!

        2
Lítis agus caora,
White (lily?) and berries,
Bhí ag coimheascar agus pléireacht
Were in a melée and revelling
Go fíochmhar na séimh-leacain ghrinn:
Fiercely (contending with) the fine pleasant cheeks:
Na cíor-mhiona déad-chailce,
The comb-fine chalky teeth,
B'fhír-dheas a mbéaltana,
Their mouths (lips) were truly nice,
A braoithe agus a claon-roisc gan teimheal:
Her breast and her immaculate lowered (slanted?) eyes:
A crinn-mhama géara,
Her sharp sloping(?) round breasts,
Gan claochlú ar a clí,
Without transformation of her body,
A píb agus a haol-chrobh,
Her throat and her lime(white) hand,
Mar ghéis air an dtoinn,
Like a swan on the waves,
Da trinseach (trilseach) tais niamhrach tiubh,
Her soft lustrous thick plaits (hair)
Buí-chasta péarlach,
Yellow (golden) turned and pearly,
A dlaoi-fholt go caol troigh ar bís.
Her beetle black hair spiraling to her slender foot.

                3
Ba thuirseach mé am (i mo) dhaor-spreas,
I was tired as a worthless slave,
Gur smaoineas tré mo néaltaibh,
Until I thought through my clouds,
A[r] chúrsaibh an tsaoil chleasaigh chlaoin
On the affairs of the unfair deceitful world
An tráth mhúschlas do léimeas,
The time I awoke, I leapt up,
Le rún-shearc don réaltan,
With much love to the star,
A lúb coille aorach gan téimheal
Her immaculate recess in the woods
Do bhí lonnradh ó Pheobus,
There was illumination from Pheobus
Ar ghéagaibh gach crainn,
On the branches of every tree,
Agus lonnradh ba ghréagach,
And Greek fire
Ar gach aon bharra luí
On every lying barr (blade of grass?)(?)
Bhí lonnradh ón bpéarla,
There was shine from the pearl,
Go dtiocfadh Mac Shéamais:
So that the son of James (Charles) would come:
Gan chuntas fá réim cheart na righeacht (ríocht)!
Not to mention the proper royal reign!

            4
Bhí sonn-fhriotal beithe,
The present(?)speech of the maiden was,
Cois abhainn insan ngaortha,
Beside the river in the woods,
Agus fonn-ghuth na n-éanlaithe go bínn,
And the desiring voice of the birds was sweet,
Togha tortha ar ghéaga an(n),
Choice fruits on the branches there,
Mil agus céir beach,
Honey and beeswax,
Is fluirseach gach éisc ar an dtoinn,
Fish were plentiful on the waves,
Siúl sionnach ar saothar,
The walk of the fox at work,
Poic, méith-bhroic, mil muí,
Goats, fat badgers, honey of the churn(?)
Ar gach short ealtan b'fhéidir,
On every sort of swan perhaps,
Le haoinneach (éanach) do ríomh,
To be accounted for amongs the birds,
Ag súgradh agus ag pléireacht,
Playing and revelling,
Go dtabharfadh a saor-ghuth,
So that their free voice would be given,
Chun súbhchais lucht créacht agus caoi!
For the merriment of those wounded and saddened!

            5
Is búch, blasta, béasach,
And tender, tasty, mannered,
Go húmhal d'fhreagair mé sí,
Humbly she answered me,
Agus dúirt...Is mé Éire agus téim
And said: I am Ireland and I go
Chugat le scéalta,
To you with news (a story),
Ar chuntas na laoch mear,
Accounting of the lively heroes,
Do thúrnaidh le tréimhse thar toinn;
Who were defeated (?) for a spell overseas;
Gus súgach thiocfadh Séarlas,
And Charles will come cheerfully,
Faoi réim cheart gan mhoill,
Under his proper rule without delay,
Agus gach prionsa d'fhuil Éibhir,
And every prince of Irish blood,
Na saor-bhailtibh síothach,
The harmonious free-members,
Uird binne agus cléirigh,
The ordained(?) and clerics,
Ina ndúchas gan Éclips,
In their native land without eclipse,
Agus brútaigh an Béarla gan bhrí!
And without the senseless English speaking brutes!

            6
Is flúirseach bheadh(?) Gaeilge
And the Irish language will thrive
I ndúnbhrogabh aolta,
In whitewashed mansion-forts,
Le cúnamh an Aonmhic gan mhoill;
With the help of the Only Son without delay;
Go fionn fleách féastach,
Brightly, generously, festively,
Mear, trúpach caithréimeach;
Quick, abounding in victorious troops;
Agus dár bprionsa ceart géillfidh gach rí;
And every king will yield to our proper prince;
Beidh múcha agus traocha acu
They will have smothering and subjegation(?)
Ar béaraibh an fhéill,
On the bears of treachery(??),
Sliocht Sacsain na gclaonbheart,
The Saxon brood of crooked deeds,
Ná (nach n) géilleann do Chríost;
Who don't yield to Christ;
Dá sprúnadh thar tréanmhuir
To their exhausting over high seas
Ní dúbhach liom a scéalta,
Their story is not gloomy to me,
Gan liunta, gan féasta, gan fíon!
Without shouts or feast or wine!
(an críoch).
(the end).

Some more about this song and who wrote it:

 Tá nóta as Béarla roimhe san irisleabhar a mhíníonn carbh as é.  Scríobh David O'Herlihy as Ballyvourney é, deir sé.  Fuair mé tagairt eile dó ar an idirlíon:
Catalogue of Irish Manuscripts in Cambridge Libraries - Pádraig de Brún, Máire Herbert - Google Books
Agus scríobh Dáibhí (mac Pádraig) Ó hIarlaithe é (an duine céanna, dar ndóigh).
De réir dealraimh, tá lámhscríbhinn ag leabharlann Cambridge de.  Ní thuigim go cruinn na tagairtí - b'fhéidir go bhfuil scoláire inár measc a bheadh ábalta sin a mhíniú dúinn.  
Tá tagairt eile i gCorpas.ie dó - agus de réir dealraimh, is amhrán as deireadh na hochtú haois déag é!

"Liam Ó hIarfhlatha, do chúm sé beagán rudaí maithe. A athair sin, .i. Dáth Ó hIarfhlatha, do ghlac sé grádh Coisreagtha tar éis dó roinnt dá shaoghal do chaitheamh i n-a fhear pósta, go dtí gur éag a bhean. An sagart so, deigh-fhile do b'eadh é, agus file do b'eadh a athair sin arís, .i. Dáth, mac Pádraig Ó hIarfhlatha, agus nuair a bhí athchuinghe aige dá cur chun an easpuig, An tAthair Maittias Mac Cionnaoith (an fear breágh úd a cuireadh i bpríosún Chorcaighe i ngeall le Whiteboys), chun gan primhléidí an Úird do thógaint deá mhac de dheascaibh é bheith roinnt greannamhar, i bhfuirm amhráin is eadh a chuir sé an athchuinghe. Ní heól dam fós an tré amhrán do fuair sé an freagra. Do scríbh an Dáth so iarracht ana-bhreágh i mbliadhain a 1778 ar an scaipeadh a bhí an tráth san tagaithe ar shliocht Iarfhlatha Bhaile Bhuirne, agus ar an droch-chrích i n-a dtárla fuigh- leach na muinntire sin is muinntir Charrthaigh. Agus do b'é an Dáth céadna so a cheap an t-amhrán úd darab céad líne, "Araoir is me im aonar cois taoibh Fleasca an Ghaortha." Do rinn an Dochtúir Sigerson i mBéarla é." Corpas (ria.ie)
(As Saothar Suadha : Cuid a hAonAuthor(s)Údair éagsúla., 1908, Muinntir an Ghoill)

Ach seo an nasc is tábhachtaí (a luaigh mé thuas cheana féin):  l.46-51 sa leabhar seo, tá an t-ámhrán as Gaeilge ann agus gach ré leathanach tá an t-aistriúchán a rinne duine darb ainm an Dochtúir Sigerson ann!  Aistriúchán (mar dhea) an-saor/fileata is ea é, ach cabhrach mar sin féin!
The Poets and Poetry of Munster: A Selection of Irish Songs - Google Books

Agus mar eolas suintasach d'éinne a léann colún Ghearóid Uí Cheallaigh go háirithe, féachaigí an fo-nóta seo:
1 The O Herlihies from whom our poet descended were chiefs of a district in the barony of Muskerry county of Cork and were hereditary wardens of the church of St Gobnait at Ballyvourney in that county...




Tuesday, January 26, 2021

Lesson / Explication on the 1798 poem

Monday, January 25, 2021

Dán ar 1798 in Eagrán an Gheimhridh, 2020 (#47)

The very difficult, very old poem on pp 31-32 in this issue has a lot of notes from our friend Colin Ryan.  He also copied it out in Roman type, with modern spelling, as part of his study of it.  This may be helpful to those who have trouble reading the Gaelic font / old spellings:

[Déantús Dhuine áirithe ar an gCoga Déanach i mBliain 1798.  Athscríofa agus mínithe ag Tomás D. De Norradh.]

First, here it is with the original spelling:

1
Tá matha na Breatainne a n-anabhruid péine
Gan taise le tréimhse d’á ngreadadh thar fóir,
A beartughadh le hainbhios ‘s mearbhal céille
Trí mhachnamh drochmhéine do thangmhuigh do’n chóip;
A n-airm do tharraing gan adbhar gan éirim,
Air ghasradh bochd céasda budh fhada faoi gheoch,
Is gan aca d’á ghairm achd laisgne faosaibh,
Na m-bailte puirt féin d’á m’áil léigionn dóibh.
2
Amudh dubh cealg-uilc eagluise is Réicse,
Na m-beatha gan daonacht faoi n-deara gach tóir,
Le h-aindlighthe damanta, malluighthe, daora,
Ár g-caradas cléibhchirt, a fealladh gan chóir;
Gur dhearbhuigh sgata de’n aicme so céasadh,
Le teagasg ó’n naoimh spioraid do thag uair an sgeol,
Na reachta so leaga nó a n-anam do thréigionn,
Sas gearraid géilliodh go m’b-feárr léigionn dóibh.
3
Air an aicme bhí a n-gradam na reachta so dhéanamh,
Tá fearg an aoin-mhic ag feathruinn gach ló,
D’á n-gearradh le h-armaibh ceartuighthe geura
D’fhág marbh lag céadta d’á mathaibh, air feogh;
Gan seachaint air cheachtar ná’r admhuigh géille
D’á n-glana as réim chirt gan fearran, gan fód,
Faoi scamall go dealbh gach pearsa aca d’éalaidh,
Is gan d’eagal na m-beul acht gur bh’fheárr léigion dóibh.
4
Tá eagluis bheannuighthe Pheadair air aon ghuth,
Aig agairt le chéile na n-altaibh a g-cómhair,
Na flatha so sealadh, do chleachtadh an tréadhnas,
Le aifrinn d’éisteacht go sailmeach, sódhail;
Faltannas athar na bh-flaitheas do théarnamh,
Na g-cárna gan faoiseamh, dá d-treasgairt gan treoir,
Is gan maitheas ‘nna g-cainaid, gurb aithnidh do’n t-saoghal so,
Go m’b-fearradh do ‘n g-cléire mar chách léigionn dóibh.
5
Tá ‘n t-athair mhach measgaim, cídh fada ag éisteacht,
Na tarramain sgéithe le sealadh ‘nna g-cómhair,
Tré a dtagaid go rachtmhar ó dhaingionn gach baoghal,
A chasadh faoi shéan as gach caitiorguil fuós;
Do budh aithnidh na m-beatha faoi ghanguid na bh-faolchon,
Thug aire le daonachd d’á g-carnadh dobróin,
Gur cheaduigh ‘nna mhaithios an t-amadh so réighteach,
Tré ‘r bhaineadar géille go m’ b-feárr léigionn dóibh.
6
Níl tairbhe a n-easgaine sagairt de ‘n réir sin,
Tá ‘n fhairge a éinfheacht ‘san machaire leo,
Is beidh stártha le ‘n-aithris a leabharaibh léigheanta
Tré cathamh na saoghal air ghaisge na [...]
A bh-freasdalaibh catha a n-aghaidh sgata de réicstibh,
Gan carad le h-éileamh go tráigh na h-Ollóint,
Acfuinn ná ‘r measadh d’ aon aicme air bith daona,
Cé chathadar géille go m’ b-feárr léigionn dóibh.
7
Dhort cumais, ceannasach, caithbhille an chéad fhuil,
A Sacsanach saorthadh leis machaire air d-tóis,
Lé ‘r beartadh na flatha so sgaipeadh le sméide,
Na rathaibh air séire gan tagairt air ghleo;
Ba sheachmaill a seasamh air ghreada na treun teine,
Is casa dob’ éigionn do air easba na sluagh,
A bhaile chum athar le h-eachtra léanmhar,
Gur mairg nách d’ éimhigh a d-tráth léigionn dóibh.
8
Tá ar thangmhaidh gan leaga aca a d-treasaibh na m-béimion,
Faoi cheangalaibh daora gan fairsinge sgóip,
A g-carcair gach cathrach greamuighthe a n-géibhin,
Gan amharc na spéire aca, air easba gach sóirt;
Na ceanna do chleachtadh bheith fleádhathach féastach,
A ramhar chuirp céasda gan sealbh gan ród,
A seargadh a n-anachruit galair a’s créime,
Cé ar dheacair leo géille go m’ b-feárr léigionn dóibh.
9
Cúis atuirse, ‘s léana duibh, peanuide ‘s créachta,
Do ghallaibh go n-éagaid mar bhárr air a n-gnódh,
Air theagasc Phitt chealgaigh tharruing ‘san g-céim sin,
A measgadh idir Suedes, Ruissions, Danoir a’s Póls;
Le h-anfadh, a g-creathaibh, go h-eaglach faoinmhisnigh
Arm gach réics aca a casa air a thóin,
Is fir Sacsan a freagairt an catha le h-éigionn,
Cídh bh-fearradh leo géille d’á m’áil léigionn dóibh.
10
Treasna na mara má thigid d’ár bh-féachaint,
Na m-barcaibh go gleusta, mear, meanmna air bórd,
Air ghrathain spruit cealguigh Chailbhin an éiric,
Beidh carta, rith, béimbhrise, greada ‘gus tóir;
Tá Albadh is dearbhtha breathta le tréimhse,
Preabfaidh an gléir sin faoi ghairm na d-treon,
San t-arm so neartuigh a bh-fearanaibh Éirionn,
Ní’l maitheas a shéanadh go m’ b-feárr léigionn dóibh.
11
Gach draga duirc, danartha, damanta, daol-dhubh,
Cas, cealgach, craos-chuthaigh, caismeortach crón,
Na seachnach athanta an Athar do raobadh,
A’s do dhearbhuigh claon a n-aghaidh maitheas na h-Óigh;
Caithfid a m-beatha ‘sa reachtmus do thréigionn,
A’s gan aon chumairc caomhnuighthe air thalamh na g-cómhair,
Sin faladh do tharruing a n-ainbhfhios féin orra,
Do gheasgaibh gan géille go m’ b-feárr léigionn dóibh.
12
Stadfad, a’s geallaim nách bagartha baotha,
Le machtnamh na bréithre so beartuighthe am theoigh,
S go dearbh beidh agaibhse air taisdeall na laochradh,
A creacha ‘sa tréan bhrise callaith a’s Póirt;
Beidh feannadh ‘gus fealladh air na feanatics chlaona,
Sa m-bailte, cídh éarach na lasrachaibh smóil
Air amharc do bhreacfainnse meamraim dréachta,
Sa g-ceangal gach bhéarsa go m’ b-feárr léigionn dóibh.

And here it is with modernized spelling (and notes):


1
Tá maithe na Breataine in ana-bhroid péine
Gan taise le tréimhse á ngreadadh thar fóir,
Ag beartú le hainbhios is mearbhall céille
Trí mhachnamh drochmhéine do theagmháil don chóip;1
A n-airm do tharraingt gan ábhar gan éirim,
Ar ghasra bocht céasta ba fhada faoi gheoc,2
Is gan acu dá ghairm ach [laisgne (?)(leascaine?)] faoisimh,
Ina mbailte poirt féin3 dá mb’áil ligean dóibh.
2
Ama4 dubh cealg-oilc eaglaise is Réicse,5
Ina mbeatha gan daonnacht faoi ndeara gach tóir,
Le haindlíthe damanta, mallaithe, daora,
Ár gcaradas6 cléibhchirt, ag fealladh gan chóir;
Gur dhearbhaigh scata den aicme seo céasadh,
Le teagasc ón Naomh-Spioraid do thug uair an sceol,7
Na reachta seo a leagan nó a n-anam do thréigean,
S is gairid gur géilleadh go mb’fhearr ligean dóibh.
3
Ar an aicme bhí i ngradam na reachta seo a dhéanamh,
Tá fearg an Aon-Mhic ag fearthainn8 gach ló,
Á ngearradh le harmaibh ceartaithe géara
D’fhág marbh lag céadta dá maithibh, ar feo;
Gan seachaint ar cheachtar9 nár admhaigh géilleadh
Á nglanadh as réim chirt gan fearann, gan fód,
Faoi scamall go dealbh gach pearsa acu d’éalaigh,
Is gan d’eagal na mbéal ach gurbh fhearr ligean dóibh.

4
Tá eaglais bheannaithe Pheadair ar aon ghuth,
Ag agairt le chéile ina n-altaibh10 i gcomhar,11
Na flatha seo seala,12 do chleachtadh an tréanas,
Le haifrinn d’éisteacht go salmach, sóúil;
Faltanas Athar na bhflaitheas do théarnamh,
Ina gcarnadh gan faoiseamh, á dtreasgairt gan treoir,
Is gan mhaitheas ina gcanaid,13 gurb aithne don tsaol seo,14
Go mb’fhearra15 don gcléire mar chách ligean dóibh.
5
Tá an t-Athair-Mhac16 measaim, cé fada dó ag éisteacht,
Ina thearmann scéithe le seala ina gcomhair,
Trína dtagaid go reachtmhar ó dhaingean gach baoghail,17
Ag casadh faoi shéan as gach [caitiorguil (?)] fós;
Do ba aithne ina mbeatha faoi ghangaid na bhfaolchon,
Thug aire le daonnacht dá gcarnadh dobróin,18
Gur cheadaigh ina mhaitheas an t-ama seo a réiteach,
Trír bhaineadar géilleadh go mb’fhearr ligean dóibh.
6
Níl tairbhe in eascaine sagairt den réir sin,
Tá an fharraige in éineacht ‘s an machaire leo,
Is beidh startha19 len’ aithris i leabharaibh léannta
Trí chaitheamh na saol ar ghaisce [...]
I bhfreastalaibh catha in aghaidh scata de réicstibh,
Gan cara le héileamh go trá na hOllóint,20
Acmhainn nár measadh d’aon aicme ar bith daonna,
Cé [gur] chaitheadar géilleadh go mb’fhearr ligean dóibh.
7
[Dhort cumais (?)], ceannasach, cathbhile21 an chéad fhuil,
[A Sacsanach saorthadh leis (?)] machaire ar dtóis,22
Ler beartadh na flatha seo scaipeadh le sméideadh,
Ina ráthaibh ar séire gan tagairt ar ghleo;
Ba sheachmaill a seasamh ar ghreadadh na tréantine,
Is casadh dob éigean dó ar easpa na slua,
Abhaile chun athar le heachtra léanmhar,
Gur mairg nár éimhigh i dtráth ligean dóibh.
8
Tá ar tháinig gan leagan acu i dtreasaibh na mbéimean,23
Faoi cheangalaibh daora gan fairsinge scóip,
I gcarcair gach cathrach greamaithe i ngéibheann,
Gan amharc na spéire acu, ar easpa gach sóirt;
Na ceanna do chleachtadh bheith fleádhathach24 féastach,
A ramharchoirp25 céasta gan sealbh gan ród,26
Ag seargadh in anachruit galair is créime,27
Cé gur dheacair leo géilleadh go mb’fhearr ligean dóibh.
9
Cúis atuirse ‘s léana dhuibh, peanaide ‘s créachta,
Do ghallaibh go n-éagaid mar bharr ar a ngnó,
Ar theagasc Phitt28 chealgaigh a tharraing sa gcéim sin,
Ag meascadh idir Suedes, Ruissians, Danair is Póls;
Le hanfa, i gcreathaibh, go heaglach faonmhisnigh
Arm gach réics acu ag casadh ar a thóin,
Is fir Shacsan ag freagairt an chatha le héigean,
Cérbh fhearra leo géilleadh dá mb’áil ligean dóibh.
10
Trasna na mara má thigid dár bhféachaint,
Ina mbarcaibh go gléasta, mear, meanma ar bord,
Ar ghrathain sproit chealgaigh29 Chailbhin in éiric,
Beidh cartadh, rith, béimbhriseadh, greadadh ‘gus tóir;
Tá Alba is dearfa [breathta (?)] le tréimhse,
Preabfaidh an [gléir (?)] sin faoi ghairm na dtreon,
S an t-arm seo neartuigh i bhfearannaibh Éireann,
Níl maitheas a shéanadh go mb’fhearr ligean dóibh.
11
Gach dragan duairc, danartha, damanta, daoldubh,
Cas, cealgach, craoschuthaigh, caismirteach crón,
Nár sheachain aitheanta an Athar do réabadh,
Is do dhearbhaigh claon in aghaidh mhaitheas na hÓighe;30
Caithfid a mbeatha ‘s a rachmas do thréigean,
Is gan aon chomhairc chaomhnaithe ar thalamh ina gcomhair,
Sin fala do tharraing a n-ainbhios féin orthu,
Do ghaiscibh gan géilleadh go mb’fhearr ligean dóibh.
12
Stadfad, is geallaim nach bagartha baotha,
Le machnamh na bréithre seo beartaithe im’ [theoigh (?)],
S go dearbh beidh agaibhse ar thaisteal na laochra,31
Ag creachadh ‘s ag tréanbhriseadh calaidh is poirt;
Beidh feannadh ‘gus fealladh ar na feanatics chlaona,
S a mbailte, cé éarach32 ina lasrachaibh smóil33
Ar amharc do bhreacfainnse meamraim dhréachta,
S i gceangal gach véarsa go mb’fhearr ligean dóibh.

1 Cóip: common people, rabble.
2 Geoc: yoke.
3 Ina mbailte poirt féin: sa bhaile acu féin.
4 Ama: yoke, oppression.
5 Réicse (ó réics = rex): the Lord.
6 Caradas: cairdeas.
7 Do thug uair an sceol: a thug an dea-scéal leis tráth.
8 Ag fearthainn: raining down.
9 Ní léir cé hiad an ‘ceachtar’.
10 Ina n-altaibh: ailt chreidimh, is dócha.
11 I gcomhar: le chéile.
12 Seala = seal.
13 Gan mhaitheas ina gcanaid: gan mhaith sa mhéid a deir siad.
14 Gurb aithne don tsaol seo: mar is eol don domhan go léir.
15 Go mb’fhearra: go mb’fhearr.
16 An t-Athair-Mhac: God the Father and Son.
17 Baoghal: baol.
18 Carnadh dobróin: accumulation of grief.
19 Startha: scéalta.
20 Gan cara le héileamh go trá na hOllóint: gan cara le fáil go trá na hOllainne.
21 Cathbhile: battle champion.
22 Ar dtóis: ar dtús.
23 I dtreasaibh na mbéimean: in the conflict of blows.
24 Fleádhathach: fleách.
25 Ramharchoirp: sturdy bodies.
26 Ród: rood of land (a quarter of an acre).
27 In anachruit galair is créime: made wretched, ill and gaunt.
28 B’fhéidir gurb é William Pitt Óg atá i gceist anseo, Príomh-Aire na Breataine in 1801 agus idir 1804 agus 1806.
29 Grathain sproit chealgaigh: treacherous rabble.
30 Ógh: the Virgin Mary.
31 You will have the heroes on their journey.
32 Cé éarach: although in denial (?).
33 Ina lasrachaibh smóil: consuming flames.


Wednesday, October 28, 2020

Ceacht Filíochta - a Poetry Lesson

 Here's another (short) lesson on a poem from Geimhreadh 2018:

https://soundcloud.com/jamusn/ceacht-taise-chorrach

https://www.magcloud.com/browse/issue/1528553

Thursday, October 22, 2020

Ábhar Léitheoireachta Oíche Shamhna - Halloween Reading Material

 Tá samplaí maithe againn de dhánta a bhfuil baint acu, a bheag nó a mhór, le hOíche Shamhna:

An Socharaid Sí, le Doireann Ní Ghríofa (Geimhreadh 2010)

Taibhse le Ko Un, Gabriel Rosenstock a chur Gaeilge air (Geimhreadh 2012)

Sciathán Beag Leathair, le Pádraig Ó Roidigh (Earrach 2014)

Taibhse m'Óige; Claochlú, le hEibhlís Carcione (Earrach 2014)

Taise Chorrach; An Conriocht; Oíche Shamhna; Asarlaíocht, le Séamas Ó Neachtain (tá taifeadtaí díobh seo ar fáil anseo) (Geimhreadh 2018)

Crócharnaid ag Dul Thart, le Séamas Ó Neachtain(Geimhreadh 2019) (taifead de anseo)

Agus dár ndóigh, bhí scéalta an uafáis againn cúpla uair, mar shampla: 

Cuitiliú le Panu Petteri Höglund (Samhradh 2009)

Scairt na Réalta le Panu Petteri Höglund (Fómhar 2009)

An Leabhar Nimhe le Panu Petteri Höglund (Earrach 2010) 

Paappana le Panu Petteri Höglund (Samhradh 2010) 

Altramas le Séamas Ó Neachtain (Samhradh 2014) 

Seantigh le Séamas Ó Neachtain (Fómhar 2016)

An tUmar Umainn le Séamas Ó Neachtain (Earrach 2017)

Fáistine le Colin Ryan (Earrach 2017)

Cuairteoir le Panu Petteri Höglund (Earrach 2017) 

Dúchas le Séamas Ó Neachtain (Geimhreadh 2017)

Bíonn gach eagrán ar fáil anseo (saor in aisce mar pdf, nó i gcló).  You can get every issue at that link (free as a pdf or in print).

Tá stuif eile ann, freisin, ab oiriúnach, mar an ficsean eolaíochta, ach is leor seo go fóill!