Thursday, April 23, 2009

An Gael agus Ábhar Stairiúil an Chumainn

Mar eolas daoibh:
For your information:

Beidh grianghraif de shean-leabhair, bhileoga, shleachta as nuachtáin, srl., ó stór an chumainn (Cumann Carad na Gaeilge) i ngach eagrán den iris. Mar sin, fiú mura bhfuil léamh na Gaeilge agat (fós), is féidir go mbeadh suim agat sna grianghraif seo. Beidh Béarla ar roinnt díobh.

There will be photographs of old books, flyers, newspaper clippings, etc., from the society's treasury (The Philo-Celtic Society) in every edition of the magazine. So even if you can't read Irish (yet), you might be interested in these pictures. Some of them will have English in them.

Labels:

Friday, April 17, 2009

Treoracha do Scríbhneoirí An Gael

Seo na cuspóirí atá agam mar eagarthóir, agus moltaí d’aon duine ar mhaith leis/léi scríobh dúinn – Séamas Ó Neachtain

Iris atá oiriúnach do gach léitheoir is ea í seo, fiú daoine óga. Mar sin, má bhíonn aon rud gáirsiúil ann, ní mór nach dtuigfeadh páiste é. B’fhearr a leithéid a sheachaint mar bhunphrionsabal.

Iris a bheidh measúil do gach éinne is ea í seo. Mar sin, más ábhar conspóideach atá idir lámha agat, ní mór duit a bheith cothrom agus gan mhaslaí, agus más féidir, an dá thaobh a mhíniú ar shlí nach gcuirfeadh isteach ar éinne. B’fhearr an chonspóid a sheachaint, má chuireann sé isteach ar dhaoine, ach níl aon chosc ar a leithéid, má dhéantar go béasach measúil é. Ní fhoilseofar aon rud díspeagach.

Ní iris acadúil í seo. Tá suim againn in ábhar ar bith, ach is lucht léite ginearálta atá i gceist, agus mar sin, ní mór go bhfuil stíl tarraingteach spraíúil ann.

Ní mór gur fíricí iad na fíricí a luaitear, dar ndóigh. Agus aon rud a mhaítear, ní mór gur mínítear é chun bunús a chur leis (gan a bheith leadránach).

Is leis na húdair féin a gcuid tuairimí, agus ní chuirfidh mé mo ladar isteach orthu sin. B’fhearr liom scéalta ná tuairimí, ámh.

Is fearr a bheith dearfach ná diúltach i gcónaí, más féidir. Scríobh mar a scríobhfá do chara.

Labels:

Thursday, April 09, 2009

An Gael

The official magazine of the Philo-Celtic Society is on its way back! First new edition is planned to be published at the beginning of the summer.

The new version will be an Irish only quarterly. This breaks with our past of being a bi-lingual publication. But that's where this blog comes in. We will be using it to supplement the magazine, with hints, some translations, and discussion of the magazine's content.

We are still looking for Irish language material. Please spread the word!

Here are guidlines for writers.

The emphasis of this magazine will be on 2 things:
1) The international nature of the Irish language community
2) Friendship among all of us who speak the language

Of course, we will also be promoting the goals of our society.

Labels: